An caitheamh aimsire a bhí acu i dToraigh. Bhí siad ag ceol agus ag damhsa go minic. Ní raibh halla ar bith ann san am, i dteach na scoile a bhíodh na damhsaí, oíche chinn féile a bhíodh na damhsaí acu. Chaitheadh siad teach na scoile a chóiriú suas do na damhsaí, théadh siad ó theach go teach le lampaí ola a fháil le crochadh ar na ballaí ag na damhsaí. Bhíodh na lampaí le tabhairt ar ais do na daoine an lá dar gcionn. Bhíodh sean amhráin agus sean damhsaí acu nach mbíonn acu anois. Bhí boscadóirí ar dóigh ar an oileán, bhí Éamonn é féin ar fhear acu. Bhí an fear a bhí i teach an tsolais iontach maith fosta agus is iomaí uair a thugadh sé an bosca ceoil ar iasacht daofa. Is iomaí uair a bhíodh damhsaí i dteach an tsolais fosta agus thugtaí cuireadh do dhaoine an oileáin. | 00:06:45 | |